Polasaí i leith na Gaeilge

Is í an Ghaeilge príomh theanga Ionad Naomh Pádraig. De thairbhe sin, tá stádas ar leith aici i saol laethúil an Ionaid.

  • Tá polasaí teanga agus béim láidir a chur againn ar an Ghaeilge mar theanga labhartha agus mar theanga oibre san Ionad.
  • Feidhmíonn Bord Bainistíochta an Ionad trí mheán na Gaeilge go huile is go hiomlán.
  • Tá líofacht Gaeilge ag baill uilig an Choiste agus bíonn a gcuid cruinnithe uilig eagraithe trí mheáin na Gaeilge.
  • Ag fás as seo, déanann muid ar ndícheall cur ina luí ar na daoine a bhaineann úsáid as an Ionad tús áite a thabhairt don Ghaeilge ina cuid imeachtaí agus gan dearmad a dhéanamh do Ghaeilge agus iad ar shiúil uainn.
  • Is í ár dteanga dúchais í a labhraítear le cuairteoirí chun an Ionad fosta, ach amháin sa chás nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na cuairteoirí.
  • Bítear ag súil go mbainfidh an Pobal úsáid as an Ghaeilge ag gach imeacht a bhíonn ar siúl san Ionad.
  • Bíonn comhfhreagras ón Ionad i nGaeilge. Thig leis an Ionad comhfhreagras dátheangach a chur amach chuig eagrais i gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
  • Bíonn gach fógra, nóta agus páipéarachas uilig a thugtar amach i nGaeilge go príomha.
  • Déanann an foireann gach iarracht atmaisféar Gaelach a chruthú san Ionad. Le seo tá comharthaíocht, póstaeir, ceol cúlra, idirlíon, srl. trí mheán na Gaeilge.
  • Tá sé mar príomh aidhm ag Ionad Naomh Pádraig gach aon deis an Ghaeilge agus Cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
  • Déanfaidh Ionad Naomh Pádraig cinnte de go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag foireann oibre uilig chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Sa chás eisceachtúil nach mbíonn caighdeán Gaeilge ball den fhoireann sásúil, cuirfidh an Ionad oiliúint ar fáil don bhall sin.
  • Moltar do gach ball don fhoireann san Ionad an leagan Gaeilge dá (h)ainm a úsáid.

Spreagadh na Gaeilge

Is iad an foireann príomh fhoinse Ghaeilge an phobal san Ionad. Is orthusan a thiteann sé an Ghaeilge a spreagadh i measc an Phobail. Bíonn an bhéim i gcónaí ar spreagadh dearfach. I measc na modhanna a bhíonn a úsáid chun an teanga a chur chun cinn tá:

  • Caint Phoiblí
  • Drámaíocht
  • Clubanna Óige
  • Díospóireachtaí
  • Duaiseanna
  • Seachtain na Gaeilge
  • Comórtais idir-clubanna óige
  • Ranganna trí mheáin na Gaeilge
  • Ranganna comhrá Gaeilge
  • Comharthaíocht spreagtha
  • Cláraithe le Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus Na Lárionaid Ghaeilge (Gréasán Ionad do phobhal na Gaeilge)
  • Glacann Cosite agus Foireann Ionad Naomh Pádraig páirt lárnach i g’Comhrá’ go bliaintiúil

Ranganna Comhrá Gaeilge (Saor in aisce)

Dé Luain 10:00 r.n. – 12:00 i.n., le cúram leanaí saor in aisce curtha ar fáil

Meitheal Pleanála Teanga An Iarthuaiscirt (MPTIT)

 

 

 

 

http://www.mptiarthuaiscirt.ie/

Tá co-oibriú láidir idir Coiste Forbartha Dhobhair agus Meitheal Pleanála Teanga an Iar-Thuaiscirt  chun spriocanna an Phlean Teanga do Limistéal Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir a bhaint amach agus a thabhairt chun críche.
Tá bainisteoir Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú mar co-rúnaí ar MPTIT.
Is é aidhm an phróiseas pleanála teanga na an Ghaeilge a bhuanú agus a neartú mar phríomhtheanga labhartha ag pobal an cheantair seo. Is coiste ionadaíoch é MPTIT atá i bhfeighil feidhmiú an phlean teanga don cheantair.

 

 

 

SEACHTAIN NA GAEILGE

Bíonn imeachtaí éagsúil a n-eagrú againn anseo in Ionad Naomh Pádraig do Sheachtain na Gaeilge go bliantiúil agus cuireann muid beocht breise leis an fhéile gach bliain. Bíonn deis againn rannpháirtíocht an phobail a mhéadú in eagrú na n-imeachtaí agus níos mó comhordaithe a dhéanamh idir grúpaí áitiúla éagsúla le Seachtain na Gaeilge den scoth a chur ar fáil do mhuintir na háite uilig anseo inár bpobal.

COLÁISTE NA BHFIANN

 

Tá Coláiste na bhFiann lonnaithe anseo in Ionad Naomh Pádraig, réachtalann siad cúrsa Gaeilge trí seachtainí, ar a mbíonn corradh agus 80 Foghlaimeoirí Gaeilge ag freastal orthu. Tá mná tí agus teaghlaigh Gaeltachta le líofacht Gaeilge aimsithe ag an Ionad le lucht foghlamtha na Gaeilge a choinneáil ina dtithe. Tá tionchar dearfach ag an Choláiste Gaeilge seo ar phobal maith Gaeltachta s’againn, tá an Coláiste ina chuidiú mhór leis an teanga a choinneáil beo inár bpobal agus is cinnte go ndéanann a leithid maitheas mór, do lucht na Gaeilge, do na mná tí agus do theaghlaigh Gaeltachta.

GLÓR NA SPEIRÍNÍ

Beireann Glór na Spéiríní grúpaí foghlamtha Gaeilge go Ionad Naomh Pádraig ar bhun bhliaintiúil. Cruthaíonn seo nascanna trasteorainn le teaghlaigh atá ag foghlaim na Gaeilge agus atá ag freastal ar imeachtaí áitiúla.