Stiúideo Taifeadta
- Seirbhísí
- Taifeadadh Beo
- Eagarthóireacht Fuaime
- Meascadh Digiteach
- Seirbhísí breise ar fáil
- Máistriú
- Priontáil agus dearadh CD
- Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil ar
- Lascainí do mhic léinn
- Pacáistí do scoltacha
- Ráta san uair
- Luachan ar fáil
- Fearadh na fáilte roimh amaitéaraigh agus ceoltóirí gairmiúla
Seomra Ceoil
- Spás cleachta do bhuíon agus grúpaí ceoil, lucht drámaíochta, damhsóirí srl
- Oícheanta ceoil agus damhsa
- Réimse leathan ranganna ceoil
- Méarchlár
- Pianó
- Feadóg stáin
- Amhránaíocht
Seomra agus aiseanna ceoil le ligint ar cíos do cheoltóirí gairmiúla
Cuisle Seanchais – Abair Leat
Clár taifeadadh seanchais agus comhrá Gaeilge in Ionad Naomh Pádraig dar teideal ‘Cuisle Seanchais – Abair Leat’.
Is clár é seo atá ag gabháil ó neart go neart faoi stiúir Oifigigh Ceoil agus Cultúrtha Ionad Naomh Pádraig.
Eagraítear oíche airneáil san Ionad agus tugtar cuireadh do aoi faoi leith a bheith i láthair agus scéal s’acu a inse don lucht éisteachta agus cuideachta a choinneáil leo. Bíonn idir cumhaidh, tógáil croí agus greann fite fuaite ins na hoícheanta airneáil seo, mar go bhfuil na haíonna ag inse a scéil féin ar a mbealach féin.
Tá fíor-thábhacht ag baint leis an chlár úr seo ‘Cuisle Seanchais – Abair Leat’ mar go gcothaíonn agus go gcaomhnaíonn sé seanchas na ndaoine. Is deis iontach luachmhar ar fad é, scéal na ndaoine a chluinstin agus dár ndóighe scéal na paróiste agus an phobail níos leithne a thaifead.
Tríd an chlár seo tá cartlann seanchais á chur i gceann a chéile rud a chiallaíonn go mbeidh fáil ar thobar breá seanchais ag an té dar suim leo é agus dar ndóighe ag na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh chomh maith.
Tuilleadh eolais ó:
Mícheál Ó Dochartaigh
Oifigeach Ceoil agus Cultúrtha
Ionad Naomh Pádraig