Seirbhísí don Aosaigh

 

  • Béilí ar Rothaí – Cuir glaoch ar an Ionad
  • Pobal ar Aire – Aláram monatóireachta a chur isteach do sheanóirí agus nasc leanúnach curtha ar fáil
  • Meitheal Oibrí Tacaíochta - Tá beirt fostaithe againn faoin togra luachmhar seo, le jabanna beaga a dhéanamh do sheanóirí thart fán teach, cosúil le garraíodóireacht, péinteáil agus srl. Chomh maith le sin, tá ceardaithe cláraithe linn mar atá leictreoir, pluiméir agus tíleoir, má ta cuidiú de dhíth ar na seanóirí le jabanna beaga eile, níl acu ach scairt a chur ar an Ionad.
  • Seirbhís Níocháin
  • Teachtaireacht Téacs – I gcomhpháirtíocht leis na Gardaí, Muintir na Tíre, agus ionadaithe ó choistí eile.

Comórtas na mBailte Slachtmhara

D’éirigh linn mar Choiste dheonach freagracht phearsanta agus comhoibriú a spreagadh ar fud an bhaile fearainn.  Ag obair ar scáth a chéile is féidir linn níos mó forbartha a dhéanamh, agus thig leis an phobal go ginearálta theacht le chéile le bród agus le díograis le bheith rannpháirteach i gComórtas na mBaile Slachtmhara.

D'eagraigh muid clár d'oibreacha móra sa bhaile fearainn le tamall:

  • Chuir muid ocht bpollaí déag adhmaid in airde ar fud an tsráidbhaile le taispeántais bláthanna crochta orthu.
  • Chuir muid suas clocha teorainn ag príomh phointí an bhaile fearainn le manaí breátha Gaelacha orthu.
  • Laethanta glantacháin.

Seomraí ar Cíos

Cuir glaoch ar an Ionad ag (074) 95 32949

 

  • Halla – €30 san uair.
  • Seomraí Ranga - €20 san uair don chéad uair agus €10 san uair ina dhiaidh.
  • Ríomharlann - €60 don lá agus €300 don tseachtain
  • Stiúideo Cuisle Ceoil - €25 san uair
  • Seomra Cluichí - €25 san uair
  • Cistin - €30 san uair
  • Oifigí – déan teagmháil linn chun ráta a fháil
  • Páirc Peile Uile-Aimseartha – déan teagmháil linn chun ráta a fháil
  • An Taephóta Beag - €30 san uair

Seirbhísí Oifige

Dé Luain – Dé hAoine, 9:00 r.n. – 5:00 i.n.

An Taephóta Beag

Caifé - Dé Luain – Dé hAoine, 9:00 r.n. – 6:00 i.n.

Siopa Carthanachta

 Dé Luain – Dé hAoine, 9:00 r.n. – 6:00 i.n.

Siopa Leabhair

Dé Luain – Dé hAoine, 9:00 r.n. – 6:00 i.n.