Tá stádas carthanachta ag Eitiltí agus Seirbhisí Ailse Dhún na Gall le hÚdarás Rialaithe na gCarthanachta (uimhir 20206000) agus tá muid cleamhnaithe le Cumann Ailse na hÉireann.

Tá prionsabal bunaidh s’againn mar choiste bunaithe ar chúram a sholáthar taobh istigh den phobal féin, chomh maith le dea-athrú sóisialta chur chun cinn i measc an phobail. Maireann muid le “seirbhís a bhunú agus a chur chun cinn, le airgead a bhailiú, chomh maith le seirbhís a chur ar fáil atá dírithe go huile agus go hiomlán ar sholáthar díreach tacaíochta do othair le ailse, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí. Déanann muid eitiltí a sholáthar, chomh maith le tacaíocht agus comhairleoireacht saor in aisce a chur ar fáil do pháistí le riochtaí tromchúiseacha a chiorraíonn saol s’acu, da dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh inár gceantair feidhme.”

Eitiltí

Eitiltí go Baile Átha Cliath:

Cuireann muid eitiltí fillte ó Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath ar fáil dár gcliaint ar chostas de €30
Cuireann muid eitiltí fillte ar chostas laghdaithe de €62 ar fáil do chúramóirí nó ball teaghlaigh ár gcliaint
 
Buntáistí na Seirbhíse seo:

  • Thig dáta/am a athrú gan costas.
  • Bagáiste saor in aisce.
  • Cúnamh luaineachta ar fáil.

 

Cur ticéad in áirithe

Seirbhís Chomhairleoireachta

Tá an Comhairleoir, Maureen Mulhern ar fáil in Ionad Naomh Pádraig. Cuireann sí seirbhís saor in aisce, rúnda ar fáil d'othair le hailse agus baill teaghlaigh, más gá.
 

Le coinne Comhairleoireachta a dhéanamh déan teagmháil le:
Maureen Mulhern
Comhairleoir
Fón póca: 085 114 7888
Ríomhphost: maureen_ps@yahoo.co.uk

Oícheanta Eolais

Oícheanta eolais le Gairmithe Sláinte ar chineálacha áirithe ailse.
 

Laethanta Áilliúcháin

Réimse leathan teiripe agus cóireanna leighis curtha ar fáil saor in aisce do chliaint in atmaisféar suaimhneach Ionad Naomh Pádraig.

Teiripí ar Fáil:

  • Suathaireacht
  • Reifléacseolaíochty
  • Cosmhaisiú
  • Lámh-mhaisiú
  • Cóireáil Aghaidhe
  • Smideadh