Stiúideo Taifeadta

  • Seirbhísí
  • Taifeadadh Beo
  • Eagarthóireacht Fuaime
  • Meascadh Digiteach
  • Seirbhísí breise ar fáil
  • Máistriú
  • Priontáil agus dearadh CD
  • Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil ar
  • Lascainí do mhic léinn
  • Pacáistí do scoltacha
  • Ráta san uair
  • Luachan ar fáil
  • Fearadh na fáilte roimh amaitéaraigh agus ceoltóirí gairmiúla

Seomra Ceoil

  • Spás cleachta do bhuíon agus grúpaí ceoil, lucht drámaíochta, damhsóirí srl
  • Oícheanta ceoil agus damhsa
  • Réimse leathan ranganna ceoil
  • Méarchlár
  • Pianó
  • Feadóg stáin
  • Amhránaíocht

 

Seomra agus aiseanna ceoil le ligint ar cíos do cheoltóirí gairmiúla

Cuisle Seanchais – Abair Leat

Clár taifeadadh seanchais agus comhrá Gaeilge in Ionad Naomh Pádraig dar teideal ‘Cuisle Seanchais – Abair Leat’.
Is clár é seo atá ag gabháil ó neart go neart faoi stiúir Oifigigh Ceoil agus Cultúrtha Ionad Naomh Pádraig.

Eagraítear oíche airneáil san Ionad agus tugtar cuireadh do aoi faoi leith a bheith i láthair agus scéal s’acu a inse don lucht éisteachta agus cuideachta a choinneáil leo. Bíonn idir cumhaidh, tógáil croí agus greann fite fuaite ins na hoícheanta airneáil seo, mar go bhfuil na haíonna ag inse a scéil féin ar a mbealach féin.

Tá fíor-thábhacht ag baint leis an chlár úr seo ‘Cuisle Seanchais – Abair Leat’ mar go gcothaíonn agus go gcaomhnaíonn sé seanchas na ndaoine. Is deis iontach luachmhar ar fad é, scéal na ndaoine a chluinstin agus dár ndóighe scéal na paróiste agus an phobail níos leithne a thaifead.

Tríd an chlár seo tá cartlann seanchais á chur i gceann a chéile rud a chiallaíonn go mbeidh fáil ar thobar breá seanchais ag an té dar suim leo é agus dar ndóighe ag na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh chomh maith.

 

Tuilleadh eolais ó:

Mícheál Ó Dochartaigh
Oifigeach Ceoil agus Cultúrtha
Ionad Naomh Pádraig