An Tús

I lár na nóchaidí, d’aithin pobal Dhobhair má bhí dul chun cinn le déanamh go gcaithfeadh an pobal féin gníomhú.

Athbhunaíodh Coiste Forbartha Dhobhair i 1996 agus is údar misnigh don phobal féin agus do phobail eile an dul chun cinn atá déanta agus an chinnireacht atá tugtha ag an Choiste Forbartha ó shin.

Oscailt Oifigiúil

I mí an Mhárta 2006, d'oscail an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa an t-ionad acmhainní pobail nua i nDobhar. "Tréaslaím an tIonad úr seo agus na hacmhainní ar fad le pobal Dhobhair. Déanaim comhghairdeas libh as a bhfuil bainte amach agaibh le cúpla bliain anuas, agus guím gach rath oraibh féin agus ar bhur gcuid oibre sna blianta atá romhainn amach. Fógraím anois Ionad Fiontair agus Acmhainní Dhobhair ar oscailt." (Uachtarán na hÉireann)

Céim 2

D’oscail Donnchadh Mac Fhionnghaile T.D., Aire Stáit na Gaeltachta Céim 2 d'Ionad Naomh Pádraig go hoifigiúil i mí Lúnasa, 2011.

Cuireann muid réimhse leathan seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, príomhtheanga an phobail, agus tugann comhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí, a bhfuil pleanáil agus forbairt na Gaeilge, cúram sláinte agus sóisialta, oideachas, fiontraíocht agus forbairt phobail mar thosaíochtaí agus mar chuspóirí acu tacaíocht dúinn. Tá ár seirbhísí dírithe ar leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, grúpaí teaghlaigh, seanóirí agus grúpaí eile a bhfuil muid ábalta a gcuid riachtanas a aithint agus cuidiú leo iad a réiteach.

Garradh an Chraoibhín Aoibhinn

D'oscail Clannad 'Clann as Dobhar' 'Garradh an Chraoibhín Aoibhinn' anseo in Ionad Naomh Pádraig go hoifigiúil i mí Iúil 2013.
I measc na n-áiseanna tá Páirc Peile Uile-aimsire, Áis Súgartha, Gairdín na Sióg, Leabharlann faoin Aer, Deiceáil agus Polathollán. Tá an garradh seanbhunaithe le réimse leathan luibheanna, plandaí céadfacha, glasraí, toir agus crainn.

Tugtar ‘Garradh an Dóchais’ ar chuid den gharradh, atá i ndíl cuimhne dóibh siúd a fuair bás nó atá ag streacháilt le hailse.