Áiseanna

  • Páirc Peile Uile-Aimseartha
  • Cuir scairt ar an Ionad leis an pháirc a chur in áirithe.
  • Garradh Pobail
  • Leabharlann Faoin Aer
  • Gairdín na Síog
  • Áit Súgartha
  • Polathollán

Tosaíonn agus críochnaíonn na siúlóidí seo ag Ionad Naomh Pádraig. Leanann na siúlóidí seo cosáin coise, bóithre suaimhneacha agus sean bhealaí portaigh tarraingteacha do gach aoisghrúpa agus do gach ábaltacht.
Tá tábhacht stairiúil leis chomh maith mar go bhfuil cuid de ar shean bhealach a bhí in úsáid idir Gaoth Dobhair agus Na Rosa.

Tá an cosán idir na claíocha ag síneadh suas ó cheann an Ghaoth go Dobhar ar cheann de na gnéithe is deise den tsiúlóid. D’úsáid daoine ar dhá thaobh an Ghaoth an cosán seo san am a chuaigh thart le freastal ar Aonach Jack agus ar Aonach Bhraighní agus fosta le coirp a thabhairt go reilig Thulacha Beigile in am an Ghorta.

Ní bheidh díomá ar dhuine ar bith atá ag lorg radharcanna mar go bhfuil radharc álainn le fáil ar chósta iarthuaiscirt Dhún na nGall ó chúpla suíomh ar an tsiúlóid.

Siulóid An Chlocháin Bhig

A-B. Ag fágáil Ionad Naoimh Pádraig, tiontaigh ar dheis agus lean na comharthaí glas agus corcra.

Tá na comharthaí corcra faoi choinne Lúb Loch na Caillí. I ndiaidh 50m, tiontaigh ar dheis agus lean den seanbhealach cloiche..seo an sean iarnród. Tagann deireadh le seo in aice le droichead áit a n-imíonn an cosán ar dheis agus ar aghaidh ar feadh 150m eile fhad leis an N56. Bí faichilleach ag trasnú an bhealaigh mhóir agus lean den bhealach caoráin le taobh na dtithe. Lean de na comharthaí ar feadh 500m eile fhad le gabhal, áit a n-imíonn Lúb Loch na Caillí ar chlé. Lean díreach ar aghaidh.

B-C. I ndiaidh 500m eile, tiocfaidh tú fhad le crosbhealach áit a mbuailfidh tú arís leis na comharthaí corcra. Lean ort díreach ag an chrosbhealach ar feadh 1.5km go dtiocfaidh tú fhad leis an N56 arís. Bí cúramach arís ag trasnú agus tiontaigh ar chlé. I ndiaidh 100m, tiontaigh ar dheis síos mionbhóthar beag agus siúil leat ar feadh 1km go dtí gabhal 3-bhealach in aice le droichead beag ar do thaobh chlé. Siúl díreach ar aghaidh.

C-A. I ndiaidh 200m fágann an siúlóid an bóthar agus imíonn sé ar dheis síos le taobh inbhir. Lean de na comharthaí agus i ndiaidh 100m trasnaigh an sruthán beag ag an Chlochán Bhig – sean droichead a thug a ainm den tsiúlóid seo. Díreach ina dhiaidh, tá tú ar chosán glas. Tá bior beag de shiúlóid anseo ag dul ar chlé ar a dtugtar Siúlóid Cois Gaoithe (Is fiú go mór é agus ní ghlacann sé ach 20 bomaite amach agus arais). Tagann an cosán glas arais amach tú ag an R257 – trasnaigh agus tiontaigh ar dheis, níl ann anois ach 300m go ceann scríbe.

Lúb Loch Na Caillí

A-B. Ag fágáil Ionad Naomh Pádraig, tiontaigh ar dheis agus lean na comharthaí glas agus corcra. Tá na comharthaí corcra faoi choinne Lúb Loch na Caillí agus na rudaí glas faoi choinne Lúb an Clochain Bhig. I ndiaidh 50m tiontaigh ar dheis agus lean den seanbhealach cloiche..seo an sean iarnród. Tagann deireadh le seo in aice le droichead áit a n-imíonn an cosán ar dheis agus ar aghaidh ar feadh 150m, eile fhad leis an N56. Bí faichilleach ag trasnú an bhealaigh mhóir agus lean den bhealach caoráin le taobh na dtithe. Lean de na comharthaí ar feadh 500m eile fhad leis an gabhal, áit a n-imíonn Lúb Loch na Caillí ar chlé.

B-C. Anois lean na comharthaí corcra agus bain sult as siúlóid phléisiúrtha ar bhealach caoráin thart ar an Chnoc Ghlas & Loch na Caillí le radhairc breátha den timpeallacht agus amach fhad leis na hoileáin. Tar éis 4km, tiocfaidh tú ar Lúb an Clocháin Bhig arís, imigh ar chlé anseo.

C-D I ndiaidh 500m eile, tiocfaidh tú fhad le crosbhealach áit a mbuailfidh tú arís leis na comharthaí corcra. Lean ort díreach ag an chrosbhealach ar feadh 1.5km go dtiocfaidh tú fhad leis an N56 arís. Bí cúramach arís ag trasnú agus tiontaigh ar chlé. I ndiaidh 100m, tiontaigh ar dheis síos mionbhóthar beag agus siúil leat ar feadh 1km go dtí gabhal 3-bhealach in aice le droichead beag ar do thaobh chlé. Siúl leat díreach.

D-A. I ndiaidh 200m, fágann an siúlóid an bóthar agus imíonn sé ar dheis síos le taobh inbhir. Lean de na comharthaí agus i ndiaidh 100m trasnaigh an sruthán beag ag an Chlocháin Bhig – sean droichead a thug a ainm den tsiúlóid seo. Díreach ina dhiaidh, tá tú ar chosán glas. Tá bior beag de shiúlóid anseo ag dul ar chlé ar a dtugtar Siúlóid Cois Gaoithe (Is fiú go mór é agus ní ghlacann sé ach 20 bomaite amach agus árais). Tugann an cosán glas árais amach tú ag an R257 – trasnaigh agus tiontaigh ar dheis, níl ann anois ach 300m go ceann scríbe.

Siúloid Cois an Ghaoth

Siúlóid ghairid amach-is-arais ag fágáil ó Ionad Naomh Pádraig. Gabh ar dheis i ndiaidh INP a fhágáil agus siúil leat ar feadh 300m fhad leis an chuaille eolais agus trasnaigh go dtí'n taobh eile den bhóthar. Tabharfaidh seo go dtí cosán glas tú a thabharfas síos fhad leis an Ghaoth tú. Gabh ar dheis ag an abhainn agus lean na comharthaí síos le cois an Ghaoth fhad leis an áit picnic.