Tearmann Dealbhóireachta Síth

Ba mhaith linn láthair machnaimh a fhorbairt inár bpobal, i ndíl chuimhne ar dhaoine óga a fuair bás agus orthu sin a cailleadh go tobann, tubaisteach i mbláth na hóige, fríd na blianta. Tearmann síochána, spioradálta agus foinse faoisimh agus sóláis do thuismitheoirí, chaomhnóirí, baill teaghlaigh agus cairde an aosa óig, nach maireann ach i gcuimhne agus i gcroithe a muintir agus a bpobail.

Creideann muid go láidir go bhfuil géarghá lena leithéid de thearmann i gcroílár ár bpobal. Láthair machnaimh le haird a dhíriú ar chúrsaí meabhairshláinte agus folláine. Áit suaimhnis agus scríste é ó challán agus clampar na saoltaí seo ina maireann muid. Tá suíomh aitheanta faighte agus tá an dealbhóir ag obair ar an dealbh faoi láthair.

Grúpa Chéad Fhreagróirí Ghaoth Dobhair

Tá Grúpa Chéad Fhreagróirí Ghaoth Dobhair lonnaithe anseo in Ionad Naomh Pádraig. Ar an drochuair níl muid ag feidhmiú i láthair na huaire de thairbhe COVID-19.

Bus LocalLink

Bus LocalLink, seirbhís Freagrach ar Éileamh – dhá lá sa tseachtain, Déardaoin agus Dé hAoine á chomhordú anseo in Ionad Naomh Pádraig.

Ionad Óige Ghaoth Dobhair (Togra Óige Mhuire)

Tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh againn teacht i dtír ar an easpa Ionad Buail Isteach, le seirbhísí tiomanta don aos óg inár bpobal anseo i nGaoth Dobhair. Tá sé aitheanta, go bhfuil géarghá le hIonad Óige atá buan, sábháilte, sláintiúil, spreagúil, fáiltiúil agus tacúil a bhunú inár bpobal. Tá beart fiúntach ag teastáil go géar lena leithéid a réalú agus tá muidinne mar pháirt de Choiste Togra Óige Mhuire, tiomanta agus toilteanach a leithéid a thabhairt chun críche.

Chuir muid iarratas isteach ar mhaoiniú chuig An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta chun dhá Oibrí Óige a fhostú, d’éirigh lenár n-iarratas agus beidh siad fostaithe faoi Mhuintearas Teo (Óige na Gaeltachta).

Chomh maith le sin chuir muid iarratas isteach chuig An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le trealamh a cheannacht don Ionad Buail Isteach agus ceadaíodh €13,500 don ábhar cuí.
Tá muid ag obair go leanúnach chun áit shealadach a chur ar fáil don Ionad Buail Isteach go dtí go mbeidh foirgneamh sainthógtha curtha ar fáil inár gceantar.

Meitheal an Phlean Forbartha

Plean Forbartha Comhtháite Pobail i gcomhar le Teacht Aniar – ionadaí ón pharóiste ag comhoibriú le Plean Forbartha Comhtháite a dhréachtú do Limistéar Pleanála Teanga an iarthuaiscirt chun plean ceantair le bearta sóisialta, eacnamaíochta, éiceolaíoch, cultúrtha, agus Gaeilge a fhorbairt dár Limistéar.

Togra Garradóireachta Tobar

Tá post páirtaimseartha cruthaithe agus maoiniú faighte againn ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le hobair chothabhála agus garradh a fhorbairt i dTobar atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Cuireann ‘Tobar’ seirbhísí ar fáil do dhaoine le míchumas agus tá oibrithe an Ionaid páirteach i gcruthú garradh draíochtúil, ag cur síl agus glasraí orgánacha agus ag coinneáil an gharraidh néata.

SULT Féile Cheoil

SULT – Féile Cheoil Ghaoth Dobhair – Tá beirt de Choiste Forbartha Dhobhair mar bhaill de Choiste SULT agus bíonn páirt lárnach againn san fhéile seo achan bhliain. Tá oifig na féile lonnaithe in Ionad Naomh Pádraig agus tugann an fhoireann a gcuid ama go deonach ag ullmhú na féile seo ar mhaith leis an óige.

Bád Eddie

Tá Coiste Bád Eddie ag obair ar thogra le Bád Eddie a fhorbairt agus a chaomhnú mar láthair turasóireachta anseo i nGaoth Dobhair. Tá bainisteoir Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an Choiste faoi láthair.

Learn International

I gcomhar le ‘Learn International’ bíonn suas le ceithre ghrúpa scoláirí as Meiriceá ar cuairt go bliantúil agus bíonn siad lonnaithe anseo in Ionad Naomh Pádraig ar feadh 8 – 10 lá. Bíonn deis acu staidéar a dhéanamh ar ábhair difriúla idir cúrsaí leighis, an óige, oideachas dhátheangach agus cúrsaí forbartha pobail. Ar an drochuair bhí na grúpaí seo curtha ar ceal de bharr COVID-19, ach tá muid dóchasach go leanfaidh an tseirbhís seo sa todhchaí.

EIL Intercultural Learning

I gcomhar le ‘EIL Intercultural Learning’ bíonn suas le 12 grúpa as Meiriceá ag freastal ar ranganna Gaeilge, Staire, Cultúir agus Oidhreachta mar pháirt de thuras Shlí an Atlantaigh Fhiáin.