Leis an aip saor in aisce seo, beidh sé ar do chumas cuid de na hiontais atá faoi cheilt, chomh maith le háilleacht dhraíochtúil ár bpobal tuaithe Gaeltachta a aimsiú agus a bhlaiseadh. Rachaidh Gaoth Dobhair i gcion go domhain ort. Spreagfar thú, ó mhuir go mullach, le háilleacht sceirdiúil ár gcuid oileáin mara ina luí san Atlantaigh fhiáin, go beanna maorga na sléibhte go hard, go fíor chaoideanais agus duiniúlacht na ndaoine.

Is é Ionad Naomh Pádraig, Dobhar a smaointigh ar bheatha a thabhairt don aip, GAOTH DOBHAIR - GWEEDORE ón chéad lá. Tá an tionscadal seo maoinithe suas go €25,000 d’infheistíocht ón scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile agus cruthaíodh é i gcomhpháirtíocht le MEITHEAL Oibre An Phlean Forbartha.

Tá léir mór oibre déanta ag go leor daoine leis an aip seo agus tá muid buíoch do gach duine a chuidigh ar dhóigh ar bith.