Polasaí i leith na Gaeilge
Is í an Ghaeilge príomh theanga Ionad Naomh Pádraig. De thairbhe sin, tá stádas ar leith aici i saol laethúil an Ionaid.
- Tá polasaí teanga agus béim láidir á chur againn ar an Ghaeilge mar theanga labhartha agus mar theanga oibre san Ionad.
- Feidhmíonn Bord Bainistíochta an Ionaid trí mheán na Gaeilge go huile is go hiomlán.
- Tá líofacht Gaeilge ag baill uilig an Choiste agus bíonn a gcuid cruinnithe uilig eagraithe trí mheán na Gaeilge.
- Ag eascairt as seo, déanann muid ár ndícheall cur ina luí ar na daoine a bhaineann úsáid as an Ionad tús áite a thabhairt don Ghaeilge ina gcuid imeachtaí agus gan dearmad a dhéanamh do Ghaeilge agus iad ar shiúl uainn.
- Is í ár dteanga dúchais í a labhraítear le cuairteoirí chun an Ionad fosta, ach amháin sa chás nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na cuairteoirí.
- Bítear ag súil go mbainfidh an Pobal úsáid as an Ghaeilge ag gach imeacht a bhíonn ar siúl san Ionad.
- Bíonn comhfhreagras ón Ionad i nGaeilge. Thig leis an Ionad comhfhreagras dátheangach a chur amach chuig eagrais i gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
- Bíonn gach fógra, nóta agus páipéarachas uilig a thugtar amach i nGaeilge go príomha.
- Déanann an fhoireann gach iarracht atmaisféar Gaelach a chruthú san Ionad. Le seo tá comharthaíocht, póstaeir, ceol cúlra, idirlíon, srl. trí mheán na Gaeilge.
- Tá sé mar phríomhaidhm ag Ionad Naomh Pádraig gach aon deis an Ghaeilge agus Cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
- Déanfaidh an tIonad cinnte de go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag foireann an Ionaid uilig chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Sa chás eisceachtúil nach mbíonn caighdeán sásúil Gaeilge ag ball den fhoireann, cuirfidh an tIonad oiliúint ar fáil don bhall sin.
- Moltar do gach ball den fhoireann san Ionad an leagan Gaeilge dá (h)ainm a úsáid.
Spreagadh na Gaeilge
Is í an fhoireann príomhfhoinse Gaeilge an phobail san Ionad. Is orthusan a thiteann sé an Ghaeilge a spreagadh i measc an Phobail. Bíonn an bhéim i gcónaí ar spreagadh dearfach. I measc na modhanna a bhíonn a n-úsáid chun an teanga a chur chun cinn tá:
- Caint Phoiblí
- Drámaíocht
- Clubanna Óige
- Díospóireachtaí
- Duaiseanna
- Seachtain na Gaeilge
- Comórtais idir-clubanna óige
- Ranganna trí mheán na Gaeilge
- Ranganna comhrá Gaeilge
- Comharthaíocht spreagtha
- Cláraithe le Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus Na Lárionaid Ghaeilge (Gréasán Ionad do phobal na Gaeilge)
- Glacann Coiste agus Foireann Ionad Naomh Pádraig páirt lárnach i 'Comhrá' go bliantúil
Ranganna Comhrá Gaeilge (Saor in aisce)
Dé Luain 10:00 r.n. – 12:00 i.n., le cúram leanaí saor in aisce curtha ar fáil
Meitheal Pleanála Teanga An Iarthuaiscirt (MPTIT)
http://www.mptiarthuaiscirt.ie/
Tá comhoibriú láidir idir Coiste Forbartha Dhobhair agus Meitheal Pleanála Teanga an Iar-Thuaiscirt chun spriocanna an Phlean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir a bhaint amach agus a thabhairt chun críche.
Tá bainisteoir Ionad Naomh Pádraig ag feidhmiú mar chomhrúnaí ar MPTIT.
Is í aidhm an phróisis phleanála teanga ná an Ghaeilge a bhuanú agus a neartú mar phríomhtheanga labhartha ag pobal an cheantair seo. Is coiste ionadaíoch é MPTIT atá i bhfeighil feidhmiú an phlean teanga don cheantair.
SEACHTAIN NA GAEILGE
Bíonn imeachtaí éagsúla á n-eagrú againn anseo in Ionad Naomh Pádraig do Sheachtain na Gaeilge go bliantúil agus cuireann muid beocht breise leis an fhéile gach bliain. Bíonn deis againn rannpháirtíocht an phobail a mhéadú in eagrú na n-imeachtaí agus níos mó comhordaithe a dhéanamh idir grúpaí áitiúla éagsúla le Seachtain na Gaeilge den scoth a chur ar fáil do mhuintir na háite uilig anseo inár bpobal.
COLÁISTE NA BHFIANN
Tá Coláiste na bhFiann lonnaithe anseo in Ionad Naomh Pádraig, réachtálann siad cúrsa Gaeilge trí seachtainí, ar a mbíonn corradh agus 80 Foghlaimeoirí Gaeilge ag freastal orthu. Tá mná tí agus teaghlaigh Gaeltachta le líofacht Gaeilge aimsithe ag an Ionad le lucht foghlamtha na Gaeilge a choinneáil ina dtithe. Tá tionchar dearfach ag an Choláiste Gaeilge seo ar phobal maith Gaeltachta s’againn, tá an Coláiste ina chuidiú mhór leis an teanga a choinneáil beo inár bpobal agus déanann sí maitheas mór, do lucht na Gaeilge, do na mná tí agus do theaghlaigh Gaeltachta.